Synge Street CBS Statement – Move to Coeducation Gaelcholáiste in 2026

 

 

SYNGE STREET CBS TO BECOME CO-EDUCATIONAL GAELCHOLÁISTE FROM SEPTEMBER 2026

 

The Edmund Rice Schools Trust (ERST) is today announcing that one of its best-known schools, Synge Street CBS, will become a co-educational Gaelcholáiste from September 2026.

 

Gerry Bennett, ERST Chief Executive, explained that the change in the school’s status has come about with the support of the Department of Education and following a consultation process with the school community.

 

“ERST is excited to respond to the changing needs of Dublin 8 by agreeing to Synge Street CBS becoming a co-educational Gaelcholáiste from September 2026. This development will mean from that time there will be a Gaeltacht campus on the site comprising Synge Street CBS and Bunscoil Sancta Maria, Synge Street.”

 

Mr Bennett said that Synge Street CBS, will join ERST’s current eight lán Gaeilge schools – four Gaelcholáistí and four Gaelscoileanna – in the provision of education through Irish and will provide support to all of its students and staff in the transitionary period.

 

 

“Synge Street CBS will remain a vibrant community embracing diversity and inclusivity among staff, students and parents and continue its commitment as an Edmund Rice School to being respectful, being responsible and being ready. It will continue its strong academic tradition which is evidenced by its many successes at the Young Scientist exhibition over the years,” Gerry Bennett concluded.

 

 

 

MEÁNSCOIL NA mBRÁITHRE CHRÍOSTAÍ, SRÁID SYNGE LE BHEITH INA GHAELCHOLÁISTE COMHOIDEACHAIS Ó MHEÁN FÓMHAIR 2026

 

Tá sé fógartha inniu ag Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís (ERST) go mbeidh ceann dá gcuid scoileanna is cáiliúla, Meánscoil na mBráithre Chríostaí, Sráid Synge, ina Ghaelcholáiste comhoideachais ó Mheán Fómhair 2026 ar aghaidh.

 

Mhínigh Gerry Bennett, Príomhfheidhmeannach ERST, gur tháinig an t-athrú ar stádas na scoile le tacaíocht ón Roinn Oideachais agus tar éis próiseas comhairliúcháin le pobal na scoile.

 

“Tá Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís (ERST) ar bís freagairt do riachtanais phobal Bhaile Átha Cliath 8, riachtanais atá ag athrú, trí aontú go mbeidh Meánscoil na mBráithre Chríostaí, Sráid Synge ina Ghaelcholáiste comhoideachais ó Mheán Fómhair 2026. Ciallaíonn an fhorbairt seo go mbeidh campas Gaeltachta ar an suíomh ón am sin ar aghaidh ina mbeidh  Meánscoil na mBráithre Chríostaí, Sráid Synge agus Bunscoil Sancta Maria, Sráid Synge.”

 

Dúirt an tUasal Bennett go n-áireofar Meánscoil na mBráithre Chríostaí, Sráid Synge leis na hocht scoil lán-Ghaeilge eile atá ag ERST faoi láthair – ceithre Ghaelscoil agus ceithre Ghaelcholáiste – i soláthar oideachais trí Ghaeilge agus go dtacófar leis na scoláirí agus leis an bhfoireann ar fad san idirthréimhse.

 

 

“Fanfaidh Meánscoil na mBráithre Chríostaí, Sráid Synge mar phobal bríomhar a chuimseoidh éagsúlacht agus uileghabhálacht i measc na foirne, na mac léinn agus na dtuismitheoirí. Leanfaidh an tiomantas mar Scoil Éamainn Rís a bheith ómósach, freagrach agus ullamh don athrú seo. Leanfaidh an traidisiún láidir acadúil ar aghaidh, rud atá léirithe ag taispeántas an Eolaí Óig thar na blianta,” a dúirt Gerry Bennett mar fhocal scoir.